Scór
Beidh CLG Naomh Adhamhnáin ag glacadh páirt i mbabhta ceannais Scór Sinsir Dhún na nGall 2022 a reachtáil ag CLG an Chlocháin Léíth ar an 9ú Meán Fómhair ag toiseacht ag 7.00i.n. in ionad Naomh Columba in Ailt a’ Chorráin. Cód Poist – Postcode F94 VW95
Beidh an chlub ag glacadh páirt in sna comórtais seo a leanas
- Amhránaíocht Aonair
- Aisteoireacht/Scéalaíocht
- Ceol Uirlise
Is cinnte go mbeidh coimhlint iontach ann d’áit a bhaint amach i mbabhta leathcheannais Uladh i ngach catagóir.
Tá comórtas na bliana seo á reáchtáil ag club CLG an Chlocháin Léith agus tá oíche mhaith siamsaíochta cinnte. Bígí linn.
Ádh mór ar ár gcuid iomaitheoirí.
Cead isteach €5